
Sign up to save your podcasts
Or


Cé na leabhair Ghaeilge ar cheart iad phacáil do na laethanta saoire? An feiliúnach an lón léitheoireachta an leabhar taistil agus tú féin ar saoire? Agus an é an Kindle leigheas an scéil don léitheoir amplach is é ag pacáil a mhála?
Tá Máire Ní Neachtain agus Eoin P Ó Murchú in éineacht le Bridget agus Maitiú san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar a rogha leabhar don samhradh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm.
Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á dhéanamh aige a bheith i gcomhluadar.
I measc na rudaí a bhíonn sé sáite ann, tá an scéim ‘Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí’, faoina gcuireann Maidhc fáilte roimh dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu chun píosa oibre a dhéanamh leis ar an bhfeirm. Deir Maidhc gurb é an cinneadh is fearr a rinne sé riamh dul leis an scéim agus go mbaineann sé féin an oiread pléisiúir as an gcomhluadar is a bhaineann na leaideanna a thagann chuige.
Labhraíonn Maidhc chomh maith faoin athrú atá tagtha ar an saol ó bhí sé féin ina leaid óg agus na cuimhní atá aige ar theacht na haibhléise. Is cuimhin leis, mar shampla, aintín agus uncail leis nach raibh toradh chluiche ceannais na hÉireann 1968 acu go dtí an Mháirt tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh. Anois, is féidir an scéal is déanaí ó chluiche Phiarsaigh na Dromad a fháil i lár an aifrinn, ar sé.
Insíonn sé do Helen freisin conas go bhfuil bladhmghunna ó eitleán Naitsíoch sa teach aige.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
I dteannta Bhridget agus Mhaitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá an saineolaí oideachais Pádraig Ó Duibhir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra. Pléitear an taighde nua atá déanta ag Pádraig faoin bhfás as cuimse ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Insíonn Pádraig scéal a iníne a sheachain an díolúine agus a bhfuil trí theanga anois aici. Labhraíonn sé faoin naimhdeas, aineolas agus easpa measa ar an nGaeilge atá mar bhonn leis an gcóras lochtach ar mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh sé rud ‘annamh agus eisceachtúil’ den díolúine.
Ina áit sin, de réir thaighde Phádraig, má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá beidh díolúine ag duine de gach cúigear faoi 2030? Pléitear ‘meon aonteangach’ na Roinne Oideachais a deir Pádraig atá ag déanamh dochar do dhaltaí agus do pholasaí ionchuimsitheachta na roinne féin.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Pléitear chomh maith scrúduithe Gaeilge na hArdteiste a bhí ar siúl an tseachtain seo agus an difríocht riamh idir an scrúdú Béarla agus Gaeilge.
I gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath atá Helen an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an Ollamh Méidhbhín Ní Úrdail ó Chorcaigh faoi iontais an léinn agus faoi oidhreacht dream amháin ar leith.
D’fhág an scríobhaí agus file Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837) agus a shliocht timpeall 600 lámhscríbhinn le huacht againn. Ach cad a spreag trí ghlúin de Longánaigh Chorcaí chun na hoibre sin i ngort léann na Gaeilge, cad iad na scileanna a thugadar leo ó ghlúin go glúin agus cad atá le foghlaim againn uathu? An tOllamh Méidhbhín Ní Úrdail atá i dteannta Helen an tseachtain seo chun oidhreacht na Longánach agus go leor eile a phlé.
Labhraíonn Meidhbhín faoina tógáint trí Ghaeilge i nGleann Maghair i gCorcaigh, faoi na múinteoirí agus na léachtóirí a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus faoi shaol léann na Gaeilge agus a suim sna lámhscríbhinní.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana.
Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an chosúlacht ann gur tháinig an scéal sin aniar aduaidh ar Martin agus Calleary ach nach mbeadh sé tar éis iontas ar bith a chur ar phobal na Gaeilge.
Deirtear nach mbeadh ar an rialtas mórán a dhéanamh maidir leis an nGaeloideachas chun dea-thoil a chothú i measc an phobail agus pléitear an scéal i bhfianaise torthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid.
Deirtear go mbraitear soiniciúlacht maidir le suirbhéanna faoin nGaeilge go minic ach go bhfuil ábhar suntais agus misnigh i gcuid de na torthaí áirithe seo.
Cloistear chomh maith comparáid idir dea-thoil a bheith ag duine don Ghaeltacht agus pota iógairt a ghlanadh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn.
Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an Bord Guail ag iarraidh smacht a chur ar na ceardchumannaithe. Ar Nóra Uí Chuinn, cailín óg ó Chonamara, a bhí ina rúnaí leis an mBord Guail, a thit sé teachtaireachtaí a thabhairt ón mbord go dtí oifig an phríomh-aire i Sráid Downing.
Deir Nóra le Helen go mbeidh cuimhneamh go deo aici ar an tréimhse sin dá saol, más gairid féin í. Sna Doiriú ar Bhóthar Loch an Iolra a saolaíodh Nóra agus is ann a chaitheann sí cuid mhaith mhór dá saol anois. I ndiaidh na tréimhse a chaith sí le hobair rúnaíochta i Sasana chuir sí lena haistear léinn i réimse an leighis.
Altra sárcháilithe a chuir teagasc ar altraí óga ab ea í agus ardmheas ar a saineolas ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcúram croí go háirithe. Labhraíonn siad faoi na cúrsaí sin agus faoi conas aire a thabhairt don chroí.
Tráchtann Nóra ar a hóige i gConarama agus ar an obair mhór a rinne a muintir le 13 páiste a thógáil. Labhraíonn sí faoi dhul ar imirce go dtí cathair Londan agus Boston agus ar an spéis a bhí riamh aici ar rudaí nua fhoghlaim.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Tá Edel Ní Churraoin, duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí agus Gearóid Ó Murchú, ón mbanna Na Fíréin, in éindí le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile cheoil Ghaelach i Ráth Chairn.
Pléann siad stair na féile agus conas mar a d’fhás sí 10 mbliana ó shin as teip ‘Ravelóid’, iarracht mórfhéile cheoil a chur ar bun i nGaeilge do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca. Cuimhníonn Edel ar na laethanta luatha sin nuair ba leoraí páirceáilte le fána agus dréimire suas chuig an stáitse a bhí acu.
Pléitear an tábhacht a bhaineann le tearmann teanga amhail Féile na Gealaí do dhaoine óga go háirithe agus cén fáth go mothaíonn tú gur ‘ag dul isteach ar oileán’ atá tú nuair a leaindeálann tú ag an bhféile.
Cuimhníonn Gearóid siar ar an gcéad ghig ag Na Fíréin ag an bhféile Rac a hAon a reáchtáladh i Ráth Chairn agus ar fhilleadh ar Ghaeltacht na Mí 30 bliain níos déanaí chun seinm ag Féile na Gealaí.
Cuimhnítear chomh maith ar dhuine de laochra mór an cheoil agus na nGael, Rónán Mac Aodha Bhuí, a thug an-spreagadh do lucht bunaithe Fhéile na Gealaí. Bhí Rónán i láthair ag Rac a hAon i 1984 agus gan é ach 14 bliain d’aois. Deireadh sé i gcónaí gur “athraigh sé a shaol”.
Beidh Féile na Gealaí 2026 ar siúl ar an 5-6 Meitheamh i Ráth Chairn i gcontae na Mí.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ceol: Tír Na nÓg - Na Fíréin
Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile.
Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann léi, an t-athrú atá tagtha ar Fhéile Rós Thrá Lí, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht dó, a mhuintir agus an oidhreacht a d'fhág a thuismitheoirí aige. Tráchtann sé ar bheith ina 'agony aunt' agus a 'style icon' agus faoin gcinneadh a dhein sé nuair a bhí sé ag éirí maol go ndéanfadh sé rud éigin faoi.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
I 1926 a leag Coimisiún na Gaeltachta teorainneacha na Gaeltachta síos. Mar chuid dár sraith nua ‘100 bliain na Gaeltachta’, tá Dara Ó Cinnéide agus Orlaith Ruiséal linn faoi chás na teanga féin
In éineacht le Bridget agus Darren ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá Dara Ó Cinnéide ó Raidió na Gaeltachta agus Orlaith Ruiséal ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
Agus an dara heagrán de ‘100 bliain na Gaeltachta’, ár sraith nua físeán, seolta againn, pléitear an geábh seo cás na teanga sa Ghaeltacht. Pléitear an rogha chasta a bhíonn ag tuismitheoirí Gaeltachta maidir le páiste a thógáil trí Ghaeilge.
Déantar trácht ar an gcoimhlint idir sealbhú agus saibhriú teanga i scoileanna Gaeltachta agus fiafraítear an leagtar ualach róthrom ar an scoil maidir le slánú na teanga. Labhraítear ar chomh hait is atá sé a bheith ag rá gur gníomh dána agus neamhghéilliúil atá anois ann an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht. Ach b’fhéidir gurb in a theastaíonn má táthar leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail? A bheith dána, neamhghéilliúil agus sásta troid go deireadh na himeartha?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Paiste cainte agus paiste cuileachtain atá againn an tseachtain seo ar ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt ar Chiarán Feiritéar ar an bhfeirm agus é i mbun oibre. Is mó scréip a bheireann ar an bhfeirmeoir agus ní taise do Chiarán é, feirmeoir caorach. Tá paiste talún aige i gCathair Coinn i bParóiste an Fheirtéaraigh, agus paiste eile thiar i mBaile na hAbha i nDún Chaoin, áit dúchais a athar. Tá cuid dá chuid talún ar barra Chruach Mhárthain agus a thuilleadh fós ar imeall Chuan Ard na Caithne.
Bíonn tinte sléibhe agus creimeadh cósta ag bagairt air ach i ndeireadh thiar thall is é an cion agus an grá atá aige dá chuid ainmhithe a choimeádann sa tsiúl é.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
From the publisher's feed