AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

An difríocht idir Béarla is Gaeilge na hArdteiste, díol Arramara agus an státseirbhíseach macánta


Listen Later

Tá Máirín Ní Ghadhra I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun ceisteanna beaga fánacha agus ceisteanna móra fealsúnacha an tsaoil a phlé.

Pléitear an difríocht mhór idir scrúdú Béarla na hArdteiste agus an scrúdú Gaeilge, scéal fada dhíol an chomhlachta feamainne Gaeltachta, Arramara, agus, an rud is annamh is iontach, státseirbhíseach os comhair choiste Oireachtais na Gaeltacha ag admháil gur deineadh botún. Pléitear leis géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an deacracht a bhaineann le freagra díreach a fháil ón státchóras.

Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó BhéalBy Tuairisc