Tá deireadh ag teacht leis an gcéad Chraobh na Náisiún agus an deireadh seachtaine agus beidh 6 chluiche i ndán dúinn. Bhí Dylan Donnellan agus Hugh O'Sullivan ag breathnú chun cinn ar chluiche na hEireann agus na cluichí móra eile.
Tá muid leathbhealach trí ghnáthshéasúr an NFL agus is iomaí scéal mór atá le plé againn. Bhí Cian ag caint le Naoise Waldron agus mórscéalta na sraithe á bplé acu.
Bhí Kaci Rock ag caint le Cárthach faoi throid dheirneach Katie Taylor ag an deireadh seachtaine, béidh Thomas Carty an Gaeilgeoir ag troid chomh maith, agus troideanna eile an oíche á phlé.
Sa triú clár sa tsraith ag breathnú chun cinn ar chluiche ceannais peile na bliana labhair muid le David McCague chun tuairim neodrach a fháil faoin gcluiche mór ar an Domhnach.
Sa dara cuid den tsraith ag breathnú chun cinn ar an gcluiche mór ar an Domhnach bhí muid ag labhairt le Máirtín Ó Conghaile agus é ag plé seansanna Mhaigh Eo.
Sa gcéad pháirt sa tsraith ag breathnú ar chraobh peile na Éireann bhí Ciarraíoch Declan Quill linn agus muid ag breathnú ar an gcluiche trí shúile Chiarraí. Phléigh muid seansanna na ríochta agus iad sa tóir ar an 40ú Craobh Uile Éireann.
Bhí iar-imreoir Luimnigh Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Chluiche Ceannais na hÉireann agus an féidir le Luimneach ceann eile a bhuachaint i gcoinne na Gaillimhe.
Bhí Cathal Moore agus Conor O Shea ag caint le Cárthach faoi Gaillimh agus an seans atá acu i gCluiche ceannais na hÉireann . Iad arais ann don chéad uair ó 2018.
Tabharfaidh na seanchairde aghaidh ar a chéile ar an Domhnach agus iad sa tóir ar áit i gCraobh na hÉireann. Bhí muid ag caint le Dara Ó Cinnéide agus muid ag breathnú chun cinn ar an gcluiche.
Is cluiche iontach suimiúil é an cluiche seo ar an Satharn agus an chéad chluiche leathcheannais ar bun i bPáirc an Chrócaigh. Labhair muid le Rónán Mac Grianna agus na mórscéalta á bplé againn.