Blúiríní Nuachta

Blúiríní Nuachta

By Parlaimint na hEorpaNewsGovernmentPolitics
Download on the App Store

All Blúiríní Nuachta episodes

  • Blúiríní Nuachta – 08/10/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: leanann an chéad seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair ar aghaidh; bhí nóiméad ciúnais chun ómós a thabhairt d’íospartaigh gníomhartha foréigin a rinneadh le déanaí agus a rinneadh roimhe seo; leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh aonair; agus glacann Coiste Comhshaoil na Parlaiminte a éilimh roimh COP30, ag iarraidh ar AE fanacht uaillmhianach agus eolaíochtbhunaithe ina spriocanna aeráide.
    4 min
  • Blúiríní Nuachta – 06/10/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá tús á chur leis an gcéad suí iomlánach de mhí Dheireadh Fómhair i bParlaimint na hEorpa inniu agus an staid sa Mheánoirthear i gcroílár an chláir oibre; pléifear laghdú na mbacainní atá ann don mhargadh aonair chomh maith; agus labhróidh Príomh-Aire Lucsamburg leis an bParlaimint agus beidh plé aige leis na Feisirí.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 03/10/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: ag cruinniú cheannairí an Aontais in Cóbanhávan, athdhearbhaíonn Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, tiomantas an Aontais an t-ualach ar thionscail, feirmeoirí agus teaghlaigh a laghdú; cuirfear tús le suí iomlánach na Parlaiminte Dé Luain le díospóireacht ar thodhchaí an spóirt san Eoraip; agus tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman i bParlaimint na hEorpa ar oscailt anois.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 02/10/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: beidh tríú hidirphlé airgeadaíochta na bliana le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag tarlú in Strasbourg Dé Luain; tá na Feisirí le gníomh nua a phlé a bhainfidh le rialacha faoi thuairisciú comhshaoil a shimpliú; agus plé ag an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla faoi sheachvótáil d’Fheisirí atá ag iompar clainne nó atá tar éis leanbh a shaolú le déanaí.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 01/10/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá na grúpaí polaitiúla ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile a gcuirfear tús leis in Strasbourg Dé Luain; plé i gCoiste na Parlaiminte um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar fhiontraíocht na mban i gceantair thuaithe agus oileánacha.
    2 min
  • Blúiríní Nuachta – 30/09/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: buann an páirtí atá i gceannas cheana agus atá i bhfabhar na hEorpa toghcháin pharlaiminteacha na Moldóive; tá Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, le páirt a ghlacadh i gcruinniú na Comhairle Eorpaí sa Danmhairg; agus tá sé beartaithe ag an bParlaimint toscaireacht a chur chuig COP30, an cruinniú mullaigh ar chúrsaí aeráide sa Bhrasaíl.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 29/09/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Iarrann na Feisirí forfheidhmiú níos láidre ar smachtbhannaí na Rúise; tá toscaireacht á cur ag an bParlaimint chun cruinniú mullaigh aeráide COP30 in Belém na Brasaíle i Samhain; agus margadh chun truailliú in aibhneacha agus in uisce talún na hEorpa a laghdú tuilleadh.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 26/09/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Molann Coiste um Thalmhaíocht Pharlaimint na hEorpa go simpleofar comhbheartas talmhaíochta an Aontais; leagann Uachtaránacht na Danmhairge amach a tosaíochtaí do na Feisirí; agus osclaíonn an Pharlaimint a doirse sa Bhruiséil do Lá an Ilteangachais.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 25/09/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: Tacaíonn Coiste um Thionsclaíocht na Parlaiminte le bearta nua chun cosaint an Aontais a threisiú; ceadaíonn an Coiste um Fhostaíocht rialacha nua chun dálaí oibre a fheabhsú do thraenálaithe; agus éisteacht phoiblí ar chur chun feidhme smachtbhannaí airgeadais.
    3 min
  • Blúiríní Nuachta – 24/09/2025 – Gaeilge
    Sracfhéachaint: tá an chéad chlár eile Erasmus+ ar chlár oibre Choiste um Chultúr agus um Oideachas na Parlaiminte; tíolacann an Fochoiste um Chearta an Duine staidéar ar chosantóirí chearta comhshaoil an duine; agus reáchtálann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha éisteacht phoiblí ar bheartas eachtrach feimineach an Aontais a chur chun cinn.
    3 min