Ar an gclár seo chualamar ó Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais 'Gaelteanga', tionscnamh nua ar líne a sholáthraíonn ranganna Gaeilge ar líne do dhaoine fud fad na cruinne. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Rìocht Aontaithe agus ina cónaí sa Nua-Shèalainn anois ag linn le labhairt faoin turas ar a bhfuil sí faoi láthair i mbun cúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Ar deireadh chualamar an dara leath d'agallamh a rinne mé le Karl Birthistle san Eilvéis faoina chuid oibre leis an Roinn Sláinte i gcantún Basel-Land mar víreolaí cliniciúil don straitéis leighis don chlár vacsaínithe i rith na paindéime, na cúrsaí Gaeilge a rinne sé le hOllscoil Mhá Nuad, le hOllscoil na Gaillimhe agus Oideas Gael agus go leor eile!