AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Fliuch báite ag déanamh na hArdteiste, geáitsí Geert Wilders agus ciste fhógraí RnaG


Listen Later

I dteannta chriú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun mórcheisteanna na hEorpa agus mioncheisteanna na hArdteiste a phlé tá an craoltóir agus iriseoir Máirín Ní Ghadhra agus an t-iriseoir agus údar Alex Hijmans, atá linn ón Ísiltír.

Pléitear titim rialtas na hÍsiltíre, agus dul chun cinn na heite fíordheise ar fud na hEorpa. Caitear súil chomh maith ar an Ardteist agus tugann Alex marc dúinn dár bhfoghraíocht Ísiltírise. Pléitear leis an scéala nach gá go bhfaigheadh Raidió na Gaeltachta an teacht isteach ó na fógraí tráchtála atá á gcraoladh ar an stáisiún le tamall.

Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó BhéalBy Tuairisc