Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Pléifear cúrsaí aeráide agus inbhuanaitheachta ag ócáid a bhéas ar bun thrí Ghaeilge sa Taibhdhearc Dé Domhnaigh.
Jude Coughlan, Oibrí Deonach le Samaritánaigh na Gaillimhe. Inniu Lá Domhanda um Féinmharú a Chosc agus tá Samaritánaigh na hÉireann ag iarraidh a mheabhrú do dhaoine go bhfuil cúnamh agus tacaíocht ar fáil.
Neasa de Bhailís, ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe Ros Comáin. Tá cúrsaí páirt aimseartha á gcur ar fáil ag Ionad Foghlama Iarthar na Gaillimhe i gCasla.
Áine Bairéad, Macléinn. Eagraíodh cruinniú ar líne aréir do mhic léinn le cúrsaí Gaeilge sa gcóras oideachais a phlé, chomh maith leis an mórshiúl CEARTA atá á eagrú i mBleá Cliath ar an 20 Meán Fómhair.
Mícheál Ó Conghaile Scríobhnóir & Eoghan Ó Rida Léiritheoir & Bridie Ní Churraoin Aisteoir. Beidh taispeántas amharclannaíochta atá bhunaithe ar Bhríd Ní Mháille ar stáitSe an deireadh seachtaine seo.
Bláthnaid Ní Fhátharta, Kate Ní Loideáin, Oisín Ó Muirithe, Méadhbh Ní Mhonachán, Doireann Ní Fhoighil, Micléinn 3ú leibhéal ag labhairt faoina deacrachtaí atá le cúrsaí lóistín.