Tá Pádraig ag insint dúinn faoi shiúlóid atá eagraithe ag an eagraíocht Baile Locha Riach ar son na Pailistíne agus tá Gearóid ag labhairt faoi cheolchoirm atá eagraithe acu sa gceardlann ar an Spidéal le tacú le muintir na Pailistíne.
Bhí Darren Mac Giolla Easbuig ar an Trá Mór in Indreabhán agus an aimsir go breá. Labhair sé le scolairí agus cuntoirí ó Colaiste Lurgan faoi cad is brea leo a déanamh agus an ghrian amuigh.
Beidh ‘Taispeántas Chois Fharraige’ ar siúl i dtús na míosa seo chugainn an 7ú lá de mhí Mheán Fhómhair, i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal agus tá an Coiste ag ullmhú anois agus iad ag súil le slua mór arís i mbliana.
Tá Darragh Morgan ag tabhairt faoin dúshlán Swim Éire agus é ag snámh timpeall cósta na hÉireann. Tá sé beagnach leath bealaigh anois agus bhí Dara linn le labhairt faoi.