Yvonne Ní Loideáin, Múinteoir i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag labhairt faoi scrúduithe Ardteistiméireachta na seachtaine agus súil siar ar an tseachtain seo caite.
Labhair Mícheál le Caoimhe Ní Laoi, as Leitir Mealláin faoin deireadh seachtaine atá eagraithe ag Cumann Peile Naomh Anna in ómós dá deirfiúr Aoifáine Ní Laoi. Beidh comórtas peile seachtar an taobh agus siúlóid cuimhneachán ar bun Dé Sathairn.
Labhair Mícheál le hAaron O'Connell atá ar intéirneacht 9 mí sa mBruiséil faoi láthair. Tá tréimhse a sceime ag teacht chun críche agus tá deis ag daoine anois iarratas a dhéanamh ar an scéim.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an rialtas ar na criosanna brú cíosa, seo ceantair ina bhfuil srianta curtha ar chíos iontu. Labhair Darren Mac Giolla Easbuig le roinnt daoine lena gcuid tuairimí a fháil faoi seo.
Bríd Ní Dhonncha, Rúnaí Choiste Chomhar Chaomhán ag labhairt faoin gcead pleanála atá faighte ag an Údarás Náisiúnta Leathbhanda, NBI, le crann cumarsáide a chur in aice leis an aerstráice ar an oileán.