Fuair Síofra Juidín Ní Fhlatharta agus Ciara Ní Mháille ó Scoil Sailearna an chéad duais sa gcomórtas agallamh beirte do dhaoine óga idir 4 bliana agus 8 mbliana d'aois ag Oireachtas na Samhna i mbliana.
Beidh ócáid ar bun ar an Mám an tseachtain seo le heolas a thabhairt don phobal faoin obair atá ar bun sa gceantar le logainmeacha agus stair a bhaineann leis an gceantar a bhailiú.