Clíona Kimber, Comhshaol - Cumann Aeráide Barra na hÉireann ag labhairt faoi ócaid a bhaineann le athrú aeráide a bheas in ollscoil na Gaillimhe inniu.
Máire Bríd Ní Chonghaile ó Pháirtnéireacht Uathachais na Gaillimhe & Evan Somers a bheas ag déanamh maratón Amsterdam sa Ísealtír ar mhaithe le Páirtnéireacht Uathachais na Gaillimhe .
Clóda Ní Dhúill, coimeádaí i Rannóg Shaol Tíre na hÉireann in Ard-Mhúseam na hÉirean ag labhairt faoi taispeántas atá ag ceiliúradh an méid atá bainte amach ag na mná glúine faoin tuaithe thar na mblianta.
Cuid den dream a bhí ag cruinniú faoi chúrsaí tithíochta i Rosmuc aréir ag tabhairt a dtuairimí faoin gcruinniú agus faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht.