Le tús a chur le mír rialta nua faoin nádúr a bheas ar Iris Aniar an samhradh seo thóg Seathrún Ó Tuairisg Marcus Mac Conghail ar shiúlóid síos ceann de bhóithríní Chonamara is thaispeáin sé dó na bláthanna is an fásra atá le feiceáil ann an t-am seo bliana.
D’éagraigh Méara na Gaillimhe fáiltiú an mhéara do Ghaillimh le Gaeilge aréir le buíochas a ghabháil leo as an méid atá déanta acu leis an nGaeilge sa gcathair.
Seisiún Eolais á reachtáil ag Fios Consultants i Sean-Scoil Sailearna Déardaoin do dhaoine ar mian leo tuiscint a fháil ar Sheirbhísí Stáit, ach go háirithe Seirbhísí Leasa Shóisialaigh.
Séagh Mac Siúrdáin ag caint faoi chúrsaí leasa shóisialaigh; Margaret Breathnach ag eagrú turas go Fatima; Seán Ó Gallchóir agus Katie Ní Ghallchóir, ón ngrúpa Dris-Óg, ag caint faoin gcéirnín leathfhada a d'eisigh siad le déanaí; Bríd Ní Chonghóile ón eagras Gaillimh le Gaeilge.
Aoife Ní Neachtain, CLG Micheál Breathnach, Máirtín Ó Cualáin CLG Carna Caiseal, Darragh Ó Murchú & Máire Cáit Ní Mhurchú CLG Cill Chomáin, Adam O Neill CLG Bhulf Tón.