Is fear é an tAthair de Vál atá 97 bliana d'aois ach is fear é atá fós gníomhach i mbaile Bhunchlóidí i Loch Garmáin. Insíonn sé do Micheál Ó Tuathail faoin gcaoi a mbíodh sé ag tabhairt cuairte, go mion minic, ar Chois Fharraige.
Tugadh cuireadh do Mháirín Mhic Lochlainn, mar scéalaí cónaithe in Ollscoil na Gaillimhe, a cuid scéalta agus seanchais a roinnt le lucht na Dála i dTithe an Oireachtais amárach. Insíonn sí do Mhicheál Ó Tuathail faoi.
Insíonn siad dúinn faoin leabhar, 'Conamara Chronicles: Tales from Iorras Aithneach', aistriúchán a rinne Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson ar Annála Beaga ó Iorrus Aithneach.