Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag tabhairt chúnamh do Santaí arís i mbliana leis na litreacha ó ghasúir na Gaeltachta agus tá na h-earraí Pota Stóir le díol acu arís i mbliana le haghaidh an Nollag.
Bhí cruinniú poiblí in oifig Chumann Forbartha an Spidéil aréir le heolas a roinnt leis an bpobal faoina bhfuil beartaithe I dtaobh soilse don tsráidbhaile I mbliana agus le cúnamh a fháil aríst I mbliana
An scéal is déanaí faoin deacracht atá ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dochtúir buan a cheapadh san Ionad Sláinte ar an gCeathrú Rua agus an scéal is déanaí ón gcruinniú poiblí a bhí ag Comhchoiste Póilíneachta na Gaillimhe aréir.
Bhí a gcruinniú Ginearálta Bliantúil do scairshealbhóirí Chomharchumann Sailearna Teo. aréir agus thuairisc an t-iniúchóir go raibh sochar d-os cionn 103 míle euro ag an gComharchumann ar obair na bliana anuraidh
An scéal is déanaí faoina h-iarrachtaí atá ar bun ag Comhairle Contae na Gaillimhe maoiniú a fháil do Bhóthar Chuan na Loinge a bhíonn faoi uisce nuair a bhíonn taoille ard nó rabharta ann.