Inniu Lá Grianstad an Gheimhridh. Bhíodh deis ag daoine a bheith i láthair ag Brú na Bóinne le breathnú ar éirí na gréine agus solas an lae ag teacht thríd an pasáiste ansin, ach i mbliana, rinne siad sruthú beo ar líne ag 8.45 ar maidin.
D’eagraigh an nuachtán an Sunday Independent comórtas grianghrafadóireachta le gairid agus sé Matt Nolan a ghrú an comórtas. Is pictiúr a thóg Matt do John Chonraí, Beannacht Dé leis, cúpla bliain ó shin a ghrú an comórtas do Mhatt.
Tá dáileoga breise de na vaicsíní ar fáil anois ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó chógaslanna atá páirteach sa scéim. Tá an dáileog bhreise ar fáil ag ionaid eile ar fud na tíre, an ráschúrsa i mBaile an Bhriota ina measc. Tá ár dtuairsceoir Marcus Mac Conghail sa scuaine ansin ar maidin.
Déanann Doireann Davy Ní Choisdealbha cur síos ar cén chaoi bhfuil ag éirí leo i gcógaslann 'Mullins Care Plus' i mBóthar na Trá agus iad ag dáileadh an dáileog bhreise den vacsaín.
Labhair Páid Ó Neachtain linn faoin bhfeachtas Ón nGaeltacht le Grá atá ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair chun meabhrú do dhaoine a gcuid siopadóireacht a dhéanamh sa nGaeltacht. Labhair Tammie Scott linn ó Nuasan, Ciarán Ó Máille ó Salann Acla Mara agus Gearóid Ó Murchú ón Spailpín Fánach.
Tá tithe le leagan sa gCaisleán Gearr agus roinnt eile le tógail ar láimh mar gheall ar an gcuarbhóthar atá beartaithe do Ghaillimh. Creideann Ciarán go mbeidh impleachtaí aige ar a theach féin.
Sheol Kinia an t-albam Guth21 an tseachtain seo caite agus ar dhuine de na hamhránaithe ar an albam sin tá Áine Ní Ghríofa as an gCeathrú Rua agus í le cloisteail anseo ag casadh an amhráin a chum sí féin, Fear Níos Fearr.