Labhrann Máire linn faoi dhréachtshonraíocht Churaclaim Gaeilge na hArdteistiméireachta agus an t-idirdhealú atá sna sonraíochtaí a dhéantar idir na scoileanna T1 agus T2. Labhrann sí freisin faoi na constaicí agus na laigeachtaí a bhaineann leis an gcúrsa Gaeilge sa tSraith Shóisearach.
Labhrann siad faoin gceardlann traenála san aistriúchán leis an Aontas Eorpach do bhliain 5 sa scoil agus faoi gcaoi go mbeidh scoláirí na scoile ag glacadh páirt i gComórtas Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh cóicís ón lá inniu.
Bhí cruinniú ag an Rialtas le déanaí le earnáil an fháilteachais maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoina bheith ag ithe agus ag ól faoi dhíon. Ach, an bhfuil na caiféanna agus bialanna ag iarraidh ar dhaoine a gcuid teastais vacsaínithe a thaispeáint? Labhair ár dtuairisceoir Marcus Mac Conghail leis an bpobal le fáil amach.
Dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo go mbeidh tástáil antaigine do Chovid 19 á thabhairt isteach sna scoileanna roimh an Nollaig.
Tá ‘The Old Galway Diary’, leabhar nua le Tom Kenny agus Ronnie Gorman le seoladh ar an Satharn. Tá a gcuid colúin á bhfoilsiú sa Galway Advertiser le beagnach 50 bliain agus tá sé i gceist acu go mbeadh an díolacháin uilig ón leabhar nua seo le dul chuig Pobal Shíomóin na Gaillimhe.
Tá Santaí ag teacht go dtí Spórtlann Naomh Anna go luath. Insíonn Marie dúinn faoin Drive Thru atá eagraithe acu chun go mbeidh Daidí na Nollag inann casadh leis na gasúir agus labhraíonn sí freisin faoin mbailiúchán earraí atá ar siúl acu do Phobal Shíomóin na Gaillimhe.