Tá an dráma 'Happy Days' de chuid Samuel Beckett aistrithe ag Micheál Ó Conghaile agus é mar chuid d'Fhéile Ealaíona na bliana seo. Beidh an chéad léiriú oifigiúil den dráma 'Laethanta Sona' ar stáitse in Inis Oírr, Árainn inniu. Seo comhléiriú idir an SJ Company agus Amharclann na Mainistreach.