Lá Fhéile Muire sa bhFómhar atá ann Dé Domhaigh. Mar cheiliúradh ar an lá, seo mír chartlainne faoi Thobar Muire i Roisín na Mainiach in Iorras Aithneach. Is é an craoltóir Seosamh Ó Cuaig atá ag labhairt anseo le Treasa Bhreathnach i 2019.
Lámhleabhar curtha le chéile ag Glór na nOileán atá dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoglaim le cúnamh a thabhairt dá ngasúir ar scoil.
Ag labhairt faoin Lá Siamsaíochta, Spraoi agus Peile atá á eagrú acu do chlubanna in Iarthar na Gaillimhe agus Deisceart Mhaigh Eo a bheas ag tarlú ar bhruach Loch Measca do dhaoine óga tré mheán na Gaeilge ar an 11ú Meán Fómhair.
Tá Féile na Sléibhte ar siúl an deireadh seachtaine seo i nDúiche Sheoigheach. Labhrann Gearóid agus Molly linn faoi eagrú na féile agus na himeachtaí atá beartaithe.
Deirtear i dtuarascáil nua a d’foilsigh na Náisiún Aontaithe go bhfuil athrú aeráide fairsing agus ag treisiú agus deirtear sa tuarascáil freisin nach bhfuil aon amhras ann ach gur iompar daonna is cúis leis. Labhraíonn Sinéad Mercier linn faoin méid atá sa tuarascáil.
Teas nár facthas riamh cheana sa Tuirc agus sa nGréig agus loscadh sléibhe ag déanamh damáiste ollmhór d’Athens, áiteacha cosúil le Olympia agus bhí ar muintir na háite an áit a thréigean.