Seolfar Leabhar Chamuis 2019 Dé hAoine i dTeach Scríbe. Tháinig lucht eagar agus scríofa an leabhair isteach sa stiúideo is labhair siad faoi le Treasa Bhreathnach.
Tá dlúthdhiosca ceoil nua, Fad Saoil, bunaithe ar dhánta de chuid Joe Steve Ó Neachtain á sheoladh Tí Chualáin Dé Sathairn. Rinne Johnny Óg Connolly agus Aisling Ní Neachtain cur síos ar an méid atá sa dlúthdhiosca.
Ó mhí Eanáir seo chughainn beidh an eagraíocht 'Music Generation' ag cur tús le clár nua de ranganna agus ceardlanna ar na píobaí uillinn i gCois Fharraige agus i gCorr na Móna.