Beidh ceolchoirm in Ionad na nImirceach i gCarna anocht i gcuimhne ar Sheosamh Ó hÉanaigh a rugadh cothrom an ama seo céad bliain ó shin. Chomh maith leis an gceol agus na hamhráin, cloisfear míreanna fuaime ó Chartlann Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge.