Pléadh an obair fhorbartha atá ar bun ar shuíomh Ospidéal Pháirc Muirlinne, chomh maith le tógraí eile a bhfuil airgead ceadaithe dóibh san Iarthar ag cruinniú de chuid Fhóram Sláinte an Iarthar inné.
Tá sé i gceist leanacht ar aghaidh leis an agóid atá beartaithe i nGaillimh trathnóna inniu, cé gur fhógair an tAire Oideachais nach laghdófar líon na gCúntóirí Riachtanais Speisialta sna scoileanna.
Béidh suas le 120 gnó áitiúil as Conamara agus Oileáin Árann ag teacht le chéile i Wildlands i Maigh Cuilinn an tseachtain seo chugainn don ócáid turasóireachta atá á eagrúag Costa Gaelach Chonamara agus Árann.