Anocht ar an gclár 7 LÁ, léireofar go raibh múinteoirí neamhcháilithe fostaithe i 98% de bhunscoileanna na tíre anuraidh. Faoi eolas a fuair an clár ón Roinn Oideachais, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise léirítear go raibh 13,540 duine neamhcháilithe fostaithe i mbun múinteoireachta i scoileanna na hÉireann i 2024.