Sign up to save your podcasts
Or

Seo chugaibh an dara eagrán de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Líosa Breathnach, múinteoir iar-bhunleibhéal Gaeilge agus Gearmáinise, atá páirteach sa scéim Gaelbhratach le 10 mbliana. Labhraíonn Líosa faoin tábhacht a bhaineann le cumhacht na ndaltaí agus iad a chumasú, faoin tábhacht a bhaineann le comhoibriú le daltaí agus le múinteoirí eile, agus ar na dúshláin a bhaineann leis an scéim, agus conas iad a shárú. Leagann sí an-bhéim ar an fhoghlaim de réir a chéile.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén dóigh ar féidir daoine le Gaeilge líofa a tharraingt le chéile le daoine atá ag foghlaim?
Míle buíochas le Líosa, Daithí, Pádraig agus Gemma.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
By Giob Geab GaelbhratachSeo chugaibh an dara eagrán de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.