Fáilte chuig an eagrán deireanach den tsraith seo de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
Seo chugaibh comhrá álainn le hiardhalta Gaelbhratach, Ciara Ní Ghadhra, a d'fhreastail ar Scoil Iosaef, Domhnach Mór. Tá Ciara ag déanamh staidéar ar an Mhicribhitheolaíocht ar Ollscoil na Banríona - áit a bhfuil sí mar chuid de scéim chónaitheach na hollscoile. Labhraíonn sí faoin chinneadh le staidéar a dhéanamh ar ábhar nach í an Ghaeilge í, agus an cúlra atá aici féin leis an Ghaelscolaíocht. Tá laige éisteachta ar Chiara agus rinne a tuismitheoirí cinneadh í a chur chuig an mbunscoil áitiúil, toisc go mbeadh na ranganna níos lú, agus tá Ciara buíoch go deo as an gcinneadh sin nó is uaidh sin a d'fhás an grá atá aici don teanga. Pléann muid tábhacht an chomhoibrithe, todhchaí na Gaeilge agus cumhacht an phobail. An ráiteas is cumhachtaí atá ag Ciara san agallamh seo ná: gur féidir leis an duine aonair forbairt leis an nGaeilge, agus gur féidir leo cuidiú le forbairt na Gaeilge féin.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Ar cheart do dhaoine le Gaeilge staidéar a dhéanamh ar ábhair taobh amuigh den Ghaeilge?
Míle buíochas le Ciara, Cliodhna, Adhna agus Caoimhe.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Go raibh maith agaibh as an tacaíocht don chéad sraith den phodchraoladh seo. Tá súil againn gur thug sé léargas daoibh ar shaol agus ar scéal na scéime, chomh maith le saol na Gaeilge agus saolta na n-aíonna féin.
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.