Sign up to save your podcasts
Or

Labhraíonn Kathryn agus Ella le Ronan Barrett san eagrán seo: múinteoir bunscoile atá ag stiúradh Gaelbhratach ina scoil féin. Cuireann Ronan an-bhéim ar thacú le tuismitheoirí agus ar dhaltaí a bheith lárnach sa scéim. Pléann sé na buntáistí a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, tugann sé moltaí teicneolaíochta don seomra ranga agus tá go leor moltaí aige fosta ar conas an saol a éascú do mhúinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cad is féidir a dhéanamh le tacú le tuismitheoirí leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile?
Míle buíochas le Ronan, Gemma, Michael Gerard, Kelley agus Sinéad.
*Ceartúchán: tá ráite san eagrán seo gur múinteoir í Sinéad. Ní hí: Tá sí ag obair le Glór na nGael ar an Scéim Teanga Tí agus ag tógáil a leanaí le Gaeilge.*
Seo chugaibh Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
By Giob Geab GaelbhratachLabhraíonn Kathryn agus Ella le Ronan Barrett san eagrán seo: múinteoir bunscoile atá ag stiúradh Gaelbhratach ina scoil féin. Cuireann Ronan an-bhéim ar thacú le tuismitheoirí agus ar dhaltaí a bheith lárnach sa scéim. Pléann sé na buntáistí a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, tugann sé moltaí teicneolaíochta don seomra ranga agus tá go leor moltaí aige fosta ar conas an saol a éascú do mhúinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.