
Sign up to save your podcasts
Or


I gcuid a dó den eagrán seo, labhróidh muid le Simon Ó Chróinín, ar cheoil agus ar an suim atá aige sna beacha. Rud an-spéisiúl ar fad!
Fáilte go dtí ár gclár, Mar Bhí/Mar atá. San eagrán seo, tá muid ag breathnú ar an gceangailt atá ag muintir Ceantar na nOileán agus muintir Rath Cairn le chéile. Beidh tuairisc againn ar dhuine a bhfuil éileamh á dhéanamh ag an dá réigiún air, an tamhránaigh brea, Darach Ó Cáthain. Cloisfidh muid uaidh Mairtin Tom Sheanín MacDonnacha agus é ag cur sios ar Dharach agus an fhéile atá ann in ómós do.
Béidh Seáinín Cól Nana Pháidín MacDonnacha as Rath Chairn linn, chun beagán eolas a thabhairt dúinn ar an turas as Chonamara go dtí Rath Chairn i 1935.
An tseachtain seo labhraíonn Colm le John Beag Ó Flatharta faoina shaol agus an tréimhse a chaith sé as baile nó gur fhill sé ar Leitir Mealláin. Labhraíonn sé chomh maith leis an amhránaí Anna Marie Nic Dhonnacha faoi an chaoi ar thosaigh sí ag ceol agus na háiteacha a gcasann sí inniu.
Eagrán 3: Sa tríú heagrán seo labhraíonn Colm le Pádraic Ó Griallais, stiléara agus bunaitheoir Micil Distellery chun eolas a fháil ar an gceird, cén bealach ar chur sé fhéin suim ann agus na táirgí atá á dhíol acu. Labhraíonn sé freisin le stiléara atá i bhfad éirithe as an gceird.
Sa dara heagrán seo labhraíonn Colm le Pádraic Ó Conaire, duine de laochra Chumann Peile Naomh Anna. Insíonn sé do Cholm cé chaoi raibh an saol agus é fhéin ag imirt leis an gcumann, cuid de na héachtaí a bhain an cumann amach agus déanann siad plé ar chluiche peile an lae inniu. Labhraíonn sé ina dhiaidh sin le Róisín Nic Leoid, an chéad ban chathaoirleach ar an gcumann ó bunaíodh é in 1964. Pléann siad an costas a bhaineann le foirne a chur chun páirce agus na dúshláin atá roimh chlubanna beaga tuaithe.
Sa gcéad eagrán seo labhraíonn Colm le Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha, úinéara An Hooker Bar nó Tigh Mhichael Jeaic mar a thugtar air go háitiúil, teach ósta in Eanach Mheáin i gConamara. Is sa teach ósta seo a fuair Máirtín a chéad phost agus is tráthúil gur é atá ina fhear an tí anois ann. Cuireann sé síos do Cholm ar na laethanta a bhí sa teach óstai gcomparáid le saol an lae inniu agus cloiseann muid faoi stair an tí ósta i gceartlár cheantar na nOileán. Labhraíonn Colm freisin le Francis O’Flatherty, úinéara an Connemara Brewery a bunaíodh i 2018, agus a seoladh i Márta 2020 ag tús na paindéime. Tá siad lonnaithe ar an gCeathrú Rua agus déanann Francis cur síos ar a ghnó , ar na táirgí a dhéanann siad agus an margadh ar a ndíolann siad iad na dúshláin a bhí rompu ag tosú amach le linn gearchéim Covid 19.
From the publisher's feed