
Sign up to save your podcasts
Or


Bhuel a chairde, aon scéal? Táimid ar ais le heagrán úr daoibh le haoi fíor-inspioráideach, an laoch agus ceannródaí í féin Kathryn Ní Mhaoláin. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aici leis an bpodcraoladh uathúil, 'Sílim that...' ach anuas ar sin, tá Kathryn i mbun oibre ar an bpodcraoladh úrnua, Giob Geab Gaelbhratach!
Ní féidir a shéanadh gur spreag 'Sílim that...' muidne chun ár bpodcraoladh féin a chruthú! Mar sin, bhí gliondar orainn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimpi don eagrán seo. D'inis sí dúinn faoina dea-nósanna agus léideanna saoil atá iontach cabhrach do chách, an taithí a bhí aici mar mhúinteoir agus cén fáth gur chinn sí podcraoladh a thosú an chéad lá riamh.
Bail ó Dhia oraibh uilig a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, labhraíonn Cian leis an bhfile agus amhránaí óg Aoife McGrath. Déanann Aoife plé faoina saothar ceoil is filíochta agus aithrisíonn sí a chuid dánta Scámhóga Nua agus Sa Chiúineas dúinn. Anuas ar seo, faighimid léargas pearsanta dá samhlaíocht, mothúcháin agus inspioráid!
Níl dabht ar bith go bhfuil bua na filíochta go smior inti agus í ag insint dúinn conas a ritheann na smaointe chúichi, agus an machnamh a dhéanann sí orthu agus í á meascadh agus á scagadh óna chéile. Ar an iomlán, faighimid eochair isteach i ngort álainn na filíochta Gaeilge ó fhile óg ardaidhmeannach.
Bígí linn! :)
A chairde, go dté mar atá sibh? San eagrán úr seo, bhí ríméad orainn agallamh a chur ar aoi speisialta, an laoch é féin Seán Ó Dubhchon! Mar is eol do chách, is craoltóir iomráiteach é Seán a bhíonn le cloisteáil go seachtainiúil ar a chuid cláracha cáiliúla Seal le Seán agus Mo Cheol Thú le Raidió Rí Rá agus Raidió na Life.
Labhraíomar faoina shaothar go dtí seo, agus na tionscadail rathúla atá idir láimhe aige anois, idir craoltóireacht, iriseoireacht agus múinteoireacht! Deánann Seán sár-iarracht deiseanna agus tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga na tíre i gconaí (muidne ina measc) agus táimid fíor bhuíoch dó! B'onóir iontach labhairt leis ar an bpodcraoladh agus guímid gach uile rath air sa todchaí. Is eiseamláir é dúinn uilig.
Bígí linn! :)
https://nos.ie/saol/ni-raibh-bac-ar-bith-ar-an-homaighneasacht-in-eirinn-roimh-an-bplandail/
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Fáiltígí thar n-ais a chairde! San eagrán speisialta seo, bhí an t-ádh orainn an laoch í féin Síomha a chur faoi agallamh. D'éinne nach bhfuil ar an eolas, (is mionlach sibh muna bhfuil) is ceoltóir gleoite, tréitheach, paiseanta agus cruthaitheach í Síomha, spéirbhean amach is amach!
Táimid an-tógtha lena halbam cáiliúil INFINITE SPACE, a bhíonn le cloisteáil ar Nóisin go minic. Bhí gliondar orainn léargas a fháil uaithi ar a thaithí leis an nGaeilge agus an ceol, agus na tograí iontacha atá idir láimhe aici faoi láthair, cosúil le SPÉIR RUA-REIMAGINED leis an RTÉ Concert Orchestra (ar fáil 22/09/23 ar na hardáin uilig).
Anuas ar seo, chonaiceamar í beo ag an bPicnic Leictreach i mbliana, agus molaimid go hard na spéire í! B'onóir ollmhór labhairt léi ar an bpodchraoladh agus guímid gach uile rath uirthi sa todchaí!
Bígí linn :)
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
A chairde, cén chaoi a bhfuil sibh? Maith dúinn an mhoill leis an eagrán seo, bhíomar gafa ag obair mar ionadaí Raidió Rí Rá ag an bPicnic Leictreach, ach ar aon nós, seo é!
San eagrán úr seo, phléamar neart ábhair éagsúla! Rinneamar comparáid idir scrúdaithe agus aistí le haghaidh measúnaithe, d'inis Cian scéal imníoch a tharla dó le déanaí agus chuireamar an cheist, "An bhfuil Cathair Luimnigh oiriúnach do thurasóirí?" Seo agus níos mó, dar ndóigh! Bígí linn :)
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Haigh a chairde, aon scéal? Mar is eol do chách faoin am seo, is údar mór imní é go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar líon na ndíolúintí Gaeilge chuile bhliain! Mar sin, san eagrán seo, pléimid an fáth gur chóir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar ábhar scoile, agus chuireamar Róisin Ní Chinnéide faoi agallamh, chun léargas a thabhairt dúinn faoin obair tromchúiseach atá á dhéanamh aici le lucht Gaeilge4All ar son ár dteanga dúchais. Bígí linn!
Nóta béag daoibh chomh maith: rinne Cian tagairt do 'Tír Eoghain' in áit 'Tír Chonaill' agus é ag caint faoi Dún na nGall! Gan amhras, tá an-bhrón air agus tá fhios aige go mbeidh sin ina chrá croí daoibh agus sibh ag éisteacht leis! Tá súil againn go maithfidh sibh dó é!
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Fáiltigí thar n-ais a chairde, san eagrán seo pléimid ár dtaithí féin leis an nGaeilge agus ár ndóchas don todhchaí!
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
From the publisher's feed