Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

Nuacht a hAon episodes

  • Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
    Tá an Rialtas anseo i mbun plé le rialtas na Breataine faoin gComhlimistéar Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Tagann an phlé sna sála ar ionsaí an Luain i mBéal Feirste agus éilimh roinnt pholaiteoirí aontachtacha gur chóir an teorann idir na 6 Chontae agus an stát seo a dhúnadh.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Póilín Ní Chiaráin : Comhfhreagraí RnaG i mBéal Feirste.
    Tá cáineadh forleathan déanta ar na círéibeacha a bhí aréir ar fud Thuaisceart Éireann, áit ar scriosadh tithe agus feithiclí. Inniu cuireadh tús leis an bhfiosrúchán reachtúil faoi dhúnmharú an dlíodóra as Béal Feirste, Pat Finucane.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
    Sa Dáil ar maidin, cháin an Taoiseach Mícheál Martin agus ceannairí an fhreasúra foréigean na hoíche aréir i mBéal Feirste. Anocht sa Dáil caithfear bhóta ar rúin de chuid an fhreasúra atá ag iarraidh tacaíocht an rialtais le Iosrael a chaitheamh amach ó chomórtais spóirt idirnáisiúnta.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Harry McGee : Comhfhreagraí Polaitiúil leis an Irish Times.
    Tá Aughinish Alumina an scaglann atá lonnaithe i gContae Luimní le plé inniu ag cruinniú a bheidh ag ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaí Kaja Kallas leis an Taoiseach, Micheál Martin. Tá brú ag treisiú san AE go gcuirfí smachtbhannaí ar thrádáil alumina leis an Rúis. Tá 500 duine fostaithe ag Aughinish Alumina i Luimneach.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Pól Mac Suibhne : Ard Rúnaí Cúnta Cheardchumann Fórsa.
    Cuireadh obráidí croí ar athló inniu in chúig ospidéal ar fud na tíre mar gheall ar an stailc atá gloite ag tréleathadóirí atá ina mbaill den cheardchumann Fórsa. Deir Fórsa go bhfuil an Feidhmeannas Seirbhíse Sláinte ag sárú breithiúnais ar a son a d’éisigh an Chúirt Oibreachais i mí Eanáir.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min

About Nuacht a hAon

From the publisher's feed

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.