Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

Nuacht a hAon episodes

  • Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitiúil RnaG.
    Le linn plé ar reachtaíocht ghinmhilleadh na Sóisialaigh Daonlathacha sa Dail léirigh an tAire Sláinte Jennifer Carroll McNeill amhras faoi dhlisteannas roinnt de na moltaí. Tá conspóid tarraingthe ag físeán a léiríonn an t-iar Thaoiseach Bertie Ahern ag rá gur ábhar buartha dó an méid imirceach atá ag teacht chun na hÉireann.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitiúil RnaG.
    Tá treoir tugtha ag an Aire Caiteachais Poiblí Jack Chambers dá chomhghleacaithe rialtais go gcaithfidh siad srian a chur ar a gcuid caiteachais roinne i mbliana. Tá seo amhlaidh a dúirt an tAire Chambers mar gheall ar an ró chaiteachas suas le €700m atá sa Roinn Oideachais.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Cathal Seoighe : Ollamh le bith-fháisnéis in Ollscoil na Gaillimhe.
    Tá an bheirt Éireannach a bhí ar long an Hondius a raibh ráig den Hantavíreas uirthi sa mbaile ó thráthnóna inné. Deir an Príomhoifigeach Leighis eatramhach nach bhfuil aon ghaol ag an bhíreas leis an Covid ná leis an fliú agus ní pandéim atá ann.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Tom Ó Ceallaigh : Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine.
    Tá sé ráite ag Príomh Aire na Breataine Keir Starmer go nglacann sé féin freagracht as an droch bhail a cuireadh ar pháirtí an Lucht Oibre i dtoghcháin na seachtaine seo caite, ach mhóidigh sé go ndéanfadh sé níos fearr sna laethanta amach romhainn.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Conor D. McGuinness : TD Sinn Féin do Phort Láirge.
    Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an rialtas cúnamh práinneach a chur ar fáil do na daoine atá buailte de bharr na tine a bhí i seanmhonarcha Jute in ionad tionsclaíochta an Tígh Choirr i bPort Láirge ag an deireadh seachtaine. Meastar go bhfuil suas le 300 post i mbaol.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min

About Nuacht a hAon

From the publisher's feed

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.