Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

Nuacht a hAon episodes

  • Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
    Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta - Máire de Bhailís. Nuacht an Iarthair - Máire Bríd Ní Chualáin. Nuacht an Deiscirt - Conn Ó Muíneacháin. Nuacht an Tuaiscirt - Maighréad Uí Annluain.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    30 min
  • Eoghan Corry : Eagarthóir na hirise Air & Travel.
    Tá ionadaithe aerlínte ós comhair Choiste Iompair an Oireachtais inniu agus iad ar fad ar aon-fhocal go gcaithfear deireadh a chur leis an teora 32 milliún paisinéir atá ceadaithe san aerfort. Tá an rialtas ag dréachtadh reachtaíochta leis an srian a chur ar ceal, ach faoi láthair tá an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ag meas an scéil.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Frank Reidy : Saineolaí Míleata agus Taidhleoireachta.
    Tá beag is fiú déanta ag ceannairí na hIaráine den dul chun cinn atá dá maíomh ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Donald Trump s’na cainteanna síochána idir an dá thír. Tuairiscítear go bhfuil plean síochána 15 pointe atá dá mbrú ag Meiriceá curtha as an áireamh ag an Iaráin.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Mícheál Ó hUanacháin : Tráchtaire ar Chúrsaí an Mheán Oirthir.
    Tá an bhagairt go n'inseodh Meiriceá láthaireacha ginte fuinnimh na hIaraine curtha ar athló ag Donald Trump Uachtarán na Stáit Aontaithe, mar gheall ar 'dul chun cinn suntasach' atá déanta a deir sé leis an Iaráin. Bunaithe ar an ráiteas, tá costas ola titithe 30% ar mhargaí domhanda.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Harry McGee : Comhfhreagraí polaitiúil leis an Irish Times.
    Tiocfaidh ceannairí an chomhrialtais le chéile anocht le socrú ar bheartais tacaíochta breosla don phobal. Cén tionchar a bheidh ag fógra sos comhraic chúig lá cogaíochta leis an Iaráin atá déanta ag Donald Trump Uachtarán na Stáit Aontaithe.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • John Maguire : Iriseoir atá lonnaithe i bPáras.
    Inné sa Fhrainc sna toghcháin áitiúla chun comhairlí agus méaraí a thoghadh ar fud na tíre, bhí bua mór ag páirtithe an láir agus droch oíche ag na páirtithe eile is faide amach ar an eite chlé agus ar dheis. Céard a chiallaíonn na torthaí áitiúla seo do thoghchán na huachtaránachta an chéad bhliain eile?

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min

About Nuacht a hAon

From the publisher's feed

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.