
Sign up to save your podcasts
Or


Casfaidh ceannairí na bpáirtithe sa rialtas ar a chéile tráthnóna inniu chun na bearta deiridh do Bhuiséad 2027 a cheadú.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Olltoghchán gairmithe ag príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez de bharr gur theip ar a rialtas tacaíocht a fháil don phacáiste a mhol siad le déileáil le géarchéim tithíochta na tíre.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá eiteach tugtha ag an Ord Oráisteach do na moltaí réitigh a chuir Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann ós comhair an dá thaobh san aighneas faoi chead a thabhairt don Ord máirseáil ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
D'fhógair Seanseailéir na Gearmáine Friedrich Merz billiún euro breise i gcabhair mhíleata don Úcráin, agus €350 milliún eile le cuidiú le bonneagar fuinnimh na tíre a dheisiú le linn dó a bheith ar cuairt ar phríomhchathair na tíre Kyiv inné.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Go mall aréir i gCaisleán Chromghlinne, chríochnaigh na cainteanna ar réiteach a fháil ar sháinn Droim Crí, gan aon dul chun cinn a bheith déanta. Dúirt Stát Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant go raibh sé idir ord agus inneoin, nach léir aon tsocrú easca a bheith ar an gcruachás ach go raibh fáil air le deis fuascailte a aimsiú.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh baill do Chumann Múinteoirí Éireann agus Cumann na Meánmhúinteoirí ag cur tús le aighneas tionsclaíoch Dé Luain seo chugainn, mar agóid nach bhfuil aon socrú déanta fós faoi chomhaontú nua páigh san earnáil phoiblí.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tuairiscítear go leor teannais a bheith idir airí rialtais agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers faoin leagan amach a bheidh ar an gcáinaisnéis. Ar maidin tuairiscíodh go bhfuil na h-idirbheartaíochtaí thar a bheith deacair agus iarracht á déanamh ag Chambers srian 6% a chur le méaduithe caiteachais i ngach earnáil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed