Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

Nuacht a hAon episodes

  • John Downing : Comhfhreagraí polaitiúil leis an Irish Independent.
    Ar maidin, rinne an rialtas plé ar an nGlas Triarach agus ar bhille le fáil réidh leis an meicníocht. Chuir an tAire Tithíochta James Brown, an bille do thionóntachtaí cónaithe faoi bhráid an rialtais inniu le leasuithe a dhéanamh ar an gcóras faoina ligtear tithe ar cíos.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Alice Doyle : Leas-Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí.
    Tá cás den Teanga Ghorm deimhnithe i mbeithíoch a h-aimsíodh ar fheirm i gContae Loch Garman. Tá Cumann na bhFeirmeoirí ag lorg soiléiriú ón Roinn Talmhaíochta faoi mar atá sé beartaithe dul i ngleic leis an aicíd. Tá baill den Chumann ag agóidíocht inniu ag oifigí Bhord Bia, iad ag cur i gcoinne cathaoirleacht Larry Murrin ar an mBord.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
    Tá an tAire Fuinnimh Dara O Brien ag freastal ar chomhdháil i Hamburg na Gearmáine inniu ina bpléifear bealaí le córais fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt. Léirigh pobalbhreith a bhí inné sa Business Post go bhfuil titim 3% ar thacaíocht Fhianna Fáil. An gcuirfidh seo leis an mbrú ar cheannaireacht Mhicheál Martin?

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Adhna Ní Bhraonáin : OCP Bhánú.
    Tá an brúghrúpa tithíochta BÁNÚ ag agóidíocht taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta sna Forbacha inniu, iad ag tarraingt airde ar an easpa dul chun cinn, dár leo, atá dhá dhéanamh ag an Aire Gaeltachta Dara Calleary faoi chúrsaí tithíochta agus faoi ábhair eile a bhaineann leis an nGaeltacht.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min

About Nuacht a hAon

From the publisher's feed

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.