Is beag áiteannaí ar domhan níos dúshlánaí le maireachtáil na an mór-roinn is tirime, is gaofar, is fuaire agus chomh faide ó dheas ar domhan is sin é an Antartaice.
Sa chlár an mhí seo foghlaimímid faoin gcaoi a bhfoirmíonn tornádó agus faoi siúd a théann ag fiach iad. Freisin foghlaimímid go leor faoi tréithe na stoirmeacha ollmhór seo agus cé chomh contúirteach is atá said.
Sa chlár seo beidh muid ag caint faoi tonnta no maidhmannaí agus eolaíocht an tonnmharcaíocht nó surfáil. Cén chaoi a bhfoirmíonn tonnta? Cén fhad is féidir leo taisteal? Céard é todhchaí na dtonnta in Éirinn? É seo go léir agus i bfhad níos mó.
Sa chlár seo beidh muid ag plé gach rud sneachta. Cloisimid faoi cé chomh minic a bfhaigheann muid Nollag bhán, cé chomh minic is a bhíonn sneachta go ginearálta, agus déanaimid athbhreithniú ar chuid de na himeachtaí móra sneachta a bhí againn in Éirinn.
Sa chlár seo, tugann Ferdia léargas dúinn ar na hullmhúcháin agus ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i Met Éireann nuair atá imeacht aimsire ag druidim inár dtreo.
Sa chlár seo, labhraímid faoi na coincheapa atá taobh thiar de ríomhairí a úsáid chun an aimsir a thuar, cé chomh cruinn is atá siad agus céard iad na constaicí i dtéarmaí scála agus fhad an réamhaisnéis.
Bíonn tionchar ollmhór ag an aimsir ar shaol laethúil na hÉireann. Mar sin féin, cad a spreagann an aimsir agus an aeráid a bhíonn againn sa tír seo? Sa chlár seo, beidh muid ag freagairt na ceiste ‘Cad is cúis le Aimsir na hÉireann?’
Sa chlár seo leanaimid ar aghaidh lenár gchomhrá faoi athrú aeráide. Labhraimid teochtaí domhanda, leibhéil na farraige, agus cúis imní, cé chomh luath agus a d'fhéadfadh samhradh na hArtach a bheith saor ó oighear?
9 min
About Podchraoladh Met Éireann
From the publisher's feed
Sa phodchraoladh míosúil seo, beidh muid ag plé gach rud faoin aimsir agus an aeráid.