Is Leas-Phríomhoide í Caoimhe i nGaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Arann. Chaith sí seal i scoil Eorpach sa Ghearmáin freisin agus tá fréamhacha aici i bPort Láirge, as a tháinig a tuismitheoirí ó dhúchas. Déanann sí tagairt do seo, chomh maith leis an spreagadh a bhfuair sí óna tuismitheoirí, tosnú amach i scoil úrnua, a tuiscint ar cheannaireacht agus an spreagadh a bhfuair sí sa Ghearmáin, an tumoideachas ann, cúrsa oiliúna a chabhraigh léi tabhairt faoin bpost mar Leas-Phríomhoide, conas déileáil leis an ualach oibre agus an ról mar mhúinteoir a shásamh ag an am céanna, an taighde a chur sí i gcrích anuraidh a bhain le dea-fhoghlaimeoirí teanga i gcúplaí (a suim san ábhar, na torthaí, na ceisteanna atá ann fós). Bainigí lán-taitneamh as!