Údar mór imní a dúirt an Taoiseach, Michéal an t-imeaglú atá á dhéanamh ar oibrithe ag calafoirt Latharna agus Bhéal Feirste, cáineadh láidir déanta ag an gCoimisiún Eorpach ar na bagairtí freisin.
D’fhógair páirtí an DUP inné go bhfuil sé i gceist acu aontachtóirí a thabhairt le chéile le dhul i mbun feachtais in aghaidh Phrótacal Thuaisceart Éireann.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe, Kevin Kelly, go gcaithfear a bheith ag breathnú ar ardú a chur ar phraghas na n-uaigheanna le iarracht a theacht as an tsáinn airgid atá acu leis na reiligí a réiteach.