Sé baile Chíll Áirne an dara baile is glaine sa tír de réir suirbhé atá déanta ag IBAL. Ní h-ionadh san agus an coiste gníomhach atá bailiú brúscair fén mbaile le blianta anuas.
Tá Todhchaí na Tuaithe ag éileamh go mbeadh Pleanálaí fostaithe ag Comhairle Chontae Chiarrai atá ábalta gnó dhéanamh trí gaheilge, agus go bhfostófaí Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle.
Breandán Ó Beaglaioch;Cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.Máire Ní Riain;Siceolaí Oideachais;oideachais do leanaí le riachtanaisí speisialta. Johnny Mac Uidhir;Cill Áirne slachtmhar.Séamus Ó Drisceoil;Michelin do Dede.Tomás Ó Gealbháin;Tionól Nioclás Tóibín 2021
is ar líne a bheidh Tionól Nioclás Tóibín na bliana seo. Beidh ranganna ceoil is amhránaíochta ar bun,chomh maith le coirmcheoil istoiche de Sathairn an 13ú Feabhra.
Tá Gradam Michelin bronnta ar bhialann Dede i nDun na Séad. Dea scéala do mhuintir Chléire an méid seo agus iad a soláthar feola, glasraí,torthaí agus Gin dtí'n mbialann.