Tá Gardaí théis cnámharlach beagnach iomlán a aimsiú in Oirthear Chontae Chorcaigh. Tá deireadh curtha leis an gcuardach ar an láthair ag na Gardaí anois agus iad ag fanacht ar thorthaí óna tástálacha DNA atá dá ndéanamh ar na cnámha.
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie Mc Conalogue, go dtabharfar cead do bháid iascaigh idirnáisiúnta a gcuid éisc a thabhairt i dtír, i gcúig chalafort eile sa tír seo ón gcéad lá de mhí Feabhra.
Deir sé go bhfuil seans go mbeidh gnónna turasóireachta sa Chondae nach bhfosclóidh arís mar gheall ar thionchar Covid 19, ach ar an taobh eile den scéal, dúirt se go bhfuil fiosruithe dá bhfáil ag an Bhord Fiontair faoi phleananna atá ag daoine Gnónna úra a bhunadh, rud atá dearfach.
Pléifear conradh do Dhochtúirí Teaghlaigh agus do Phoitigéirí le vaicsín don Covid-19 a dháileadh ar an bpobal, ag cruinniú an rialtais inniu. Iarrachtaí ag leanacht ar aghaidh na scoileanna speisialta a oscailt.