Chuir bád patróil de chuid na hAlban cosc ar bhád iascaigh as Dún na nGall a dhul isteach in uiscí timpeall Charraig Rocail – chuaigh oifigeach ar bord an Northern Celt athrú inné agus dúradh le Scipéara an bháid nach bhféadfadh sé a dhul ag iascach i bhfoisceacht dá mhíle dhéag den charraig de bharr an Bhreatimeachta.