Tá an-rath go deo ar theanga na Gaeilge ar an aip fhoghlamtha Duolingo. Ar dhuine dóibh siúd atá á úsáid ar bhonn rialta agus ag cur lena cuid Gaeilge, tá an t-aisteoir Roxanna Nic Liam. Labhraímid léi ar an gclár.
Beidh ionann is 100 milliún béile dáilte ag Foodcloud in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ar Oíche Nollag, seacht mbliana ó bunaíodh an eagraíocht. Labhraímid le Vivienne Lawlor (Ceannasaí cumarsáide Foodcloud).
Covid ag Charlie McConalogue, daoine tagtha go hÉirinn ón mBreatain, tiománaithe leoraí sáinnithe ag dul ón mBreatain chun na Fraince agus cúrsaí Breatimeachta – na scéalta móra le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil).
Ar an gclár inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil), Vivienne Lawlor (Ceannasaí cumarsáide Foodcloud), Roxanna Nic Liam (Aisteoir), Seán Ó Muireagáin (Údar), Mír na Leabhar le hÁine Ní Ghlinn agus Mír na Meán le hAntoin Beag Ó Colla.