Thug ionadaithe poiblí cuairt ar dhroichid cheantar na n-Oileán Dé Sathairn le go bhfeicfidís staid na ndroichead sa gceantar. Tá an coiste gnímh ag rá anois gur cheart stádas oileán a thabhairt do cheantar na n-Oileán, de bharr chomh dona agus atá siad.
Tá teach ósta agus lóistín An Réalt ar an gCeathrú Rua ceannaithe ag an bhfear graithe Patrick Mac Donncha as Casla. Creideann sé gur cheart do lucht gnó an cheantair oibriú as láimh a chéile le tuilleadh turasóirí a mhealladh isteach san gceantar.
Cé go raibh 40 bóthar ar an liosta feabhasaithe faoin scéim na mbóithre áise nó LIS I mbliana níl obair fheabhsúchán déanta ach ar aon bhóthar amháin i gceantar Chorca Dhuibhne.
Taobh amuigh den imní atá ann go gcuirfear isteach ar ghluaiseacht earraí ach a mbeidh an Bhreatimeacht ann, tá réimse mór seirbhísí freisin a bheidh buaillt ag an athrú saoil.
Tá Uachtarán Choimisiúin na hEorpa Ursala Von der Leyen agus Príomh Aire na Breataine Boris Johnson ar aon intinn gur chóir leanacht leis na hiarrachtaí, féachaint le theacht ar shocrú faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach,