Beidh bille aeráide le theacht os comhar na Dála inniu. Tá Hazel Chu lena hainm a chur sa rása don suíochán Seanaid ar a conlán fhéin, agus é sin curtha in iúl aici don Chomhaontas Glas.
Tá aimhreas anois an mbeidh an chuid eile de na daltaí meánscoile in ann filleadh ar an scoil tar éis na Cásca de bharr líon na gcásanna a bheith ag dul i líonmhaire agus conspóid faoi mhascanna do na scrúdaithe béil na hArdteistiméirachta.
Chuir an Comhairleoir Contae Alastair McKinstry rún chun cinn ag cruinniú Comhairle Condae na Gaillimhe ag iarradh go gcinnteodh feidhmeannaigh go raibh na rialacha ar fad a bhaineann le úsáid coiléir a gcomhlíonadh.
Tá an rialtas ag plé cén chaoi a láimhseáilfear maolú na srianta Léibhéal a 5 ar an 5 Aibreán, tráth a bhfuil figúirí ag dul in olcas, agus imní ann go bhféadfadh sé imeacht ó smacht