Tabharfar breithiúnas I gCúirt Bhreithiúnis na hEoraipe ar maidin inniu ar an gcás a thug Peadar Mac Fhlannacha as Maigh Cuillin in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit mar gheall nach raibh aon treoir I nGaeilge á gcur ar fáil ar phacáistí leighis d’ainmhithe.
Imní faoi agóidí i mBleá Cliath inniu. Beidh 2,500 Garda ar shráideanna Bhleá Cliath inniu le smacht a choinneáil ar na hagóidí a cheaptar a bheidh ar bun sa gcathair in aghaidh na srianta slaine poibli.
Tá an-éileamh ar an gClár Leader ó thús, agus is maith ann a leithéid, do cheantair tuaithe ar nós Ciarraí Theas, a deir bainisteóir togra agus cumarsáide an chláir, i bPáirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas, Seán de Buitléir