Oifigeach Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh: Chuir an grúpa BRÍ Uíbh Ráthaigh torthaí suirbhé faoin nGaeilge a bheith ar fáil in ionaid ghnó i láthair arlíne aréir, suirbhé ar ghlac 350 duine páirt ann.
D’fhógair Gobharnóir Texas Gregg Abbott nach gá do dhaoine mascanna a chaitheamh níos mó….agus maolú déanta ar shrianta eile Covid 19 ó Dé Céadaoin freisin.
D’fhógair an Garda Síochána agus údarás sábháilteachta na mbóithre inné go bhfuil siad le súil níos géire a choinneal ar dhaoine a bhíonn ag páirceáil ar chosáin Rothaíochta nó siúlóide go mí dhleachtach.