Tá súil ag an Dr. Conchúir Ó Brosnacháin go mbeidh an chéad chuid don vaicsín le tabhairt amach sa Daingean acu fé dheireadh na seachtaine seo chughainn,ach níl san cinntithe go fóil.
Tá babhta don víoras corónach curtha dhóibh aige Eilís agus Johnny Ó Tuama ó Bhéal Átha an Ghaorthaigh. Deir Eilís gur galar ana dhian atá ann,agus galar a fhágann ana uaigneach tú aige baile.
Eilís Uí Thuama; an víreas corónach uirthi féin is a fear Johnny. Máire Holmes;scríobhnóir cónaithe le CCC. Marc Ó Cathasaigh;TD na nDéise. Dr. Conchúir Ó Brosnacháin;Cathain a thiocfaidh an vaicsín an Daingean.
Tá príomhoidí mí shásta go bhfuil siad ag fáil an eolas uilig faoi oscailt na scoileanna ó na meáin sula gcuireann an Rialtas eolas ar bith acu, mar bhainisteoirí ar na scoileanna.
Ag caint ar Neil Lennon, Bainisteoir Ceiltigh Ghlaschú a d’éirigh as a phost ar maidin agus ag tabhairt a thuairim fhéin cé a bheadh fóirsteanach don phost.
Tá réimse leathan de phór prátaí ar díol ag Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta faoi láthair agus iad ar fáil anois le ceannacht ar an idirlíon, ag cillulta.ie.
Mír rialta leis na Gardaí faoi le comhairle agus eolas do phobal na contae agus cuireann sé síos fosta ar na Gradam Óige atá a reáchtáil ag Gardaí Dhún na nGall.
0 min
About RTÉ Radio Player: Latest Podcasts
From the publisher's feed
All the latest podcasts published across RTÉ Radio's ten radio services