Bhí cruinniú tráthnóna inné idir Comhairle Contae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta faoi na deacrachtaí atá ann leas a bhaint as scéimeanna fostaíochta pobail le taobhanna na mbóithre a ghlanadh.
Roinnt laethanta ó shin facthas liamhán an cheann casúir don chéad uair in uiscí na hÉireann. Is lucht taighde do chuid Fhoras na Mara i nGaillimh a bhí ar bord an RV Celtic Explorer a chonaic an liamhán.
Walter Butler is a hero, along with his brothers Eoghan and Declan. On Monday, they rescued a little girl who was being blown further and further out to sea on an inflatable float. He spoke to Maggie about their daring deed.
Tá tuilleadh eolais á lorg ag an mBord Pleanála faoi chuarbhóthar na Gaillimhe. Ba i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a cuireadh an t-iarratas oifigiúil leis an mbóthar a thógáil faoi bhráid an bhoird.