Socrú trádála déanta idir Aontas na hEorpa agus an Airgintín, an Bhrasaíl, Uragua agus Paragua, a d’fhágfadh go bhféadaí mairtfheoil shaor agus earraí eile a thabhairt isteach sa tír seo, ach tá feiliméirí ag iarraidh ar an Taoiseach diúltú dó. Deir siad gur socrú tubaisteach a bheas ann d’fheiliméirí mairtfheola.