Beidh cruinniú poiblí sa Spidéal tráthnóna Déardaoin, faoi pháirc spraoi don bhaile. Tá cead pleanála faighte don pháirc, ar shuíomh a fuair Comhlacht Forbartha an Spidéil, ó Chumann Lúthchleas Gael, an cheantair. Tá feachtas ar bun le beagnach scór bliain anois agus muintir an Spidéil le páirc spraoi a fháil don cheantar.