Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

Seachtain episodes

  • The ‘rite of passage’ for beagnach 30 míle déagóirí

    Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta.   


    Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn. 


    Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor. 


    Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge. 


    Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh. 


    Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó? 


    Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu. 


    Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil. 


     


    Foclóir: 


    Éispéireas: Experience 


    Tóir: Demand 


    Liostaí feithimh: Waiting lists 


    Corruair: sometimes  


    Clár siamsaíochta: Entertainment programme 


    Ildánach: Versatile 


    Cláraithe: Registered 


    An t-uasmhéid: The maximum 


    Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle 


    Riachtanais bia: Dietary requirements 


    Slabhra: Chain 


    Nasc: Link 


    Cuimhní: Memories 


    Cloch mhíle: Milestone 


    Ag freastal: Attending 


    Srianta: Constrained 


    Ó ghlúin go glúin: From generation to generation 


    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Beirt ‘Ghaeilgeoirí' cúisithe i leith buama a iompar trasna na teorann

    Tá bean agus fear cúisithe as pléascáin a bheith ina seilbh acu go mídhleathach. 


    An tseachtain seo caite, stop Gardaí carr ar an N2 i gContae Mhuineacháin agus iad ag fiosrú gníomhaíochtaí easaontóirí poblachtánacha.  


    Fuarthas an buama, a bhí réidh le húsáid, agus a bhí á iompar trasna na teorann, ar shuíochán cúil an chairr.  


    Dúnadh an bóthar ar feadh tamaill agus bhain foireann diúscartha buamaí an dochar as an ngléas.  


    Cúisíodh bean sna fichidí as Cill Dara, a bhí ag tiomáint an chairr, agus cúisíodh fear eile sna daichidí i ndáil leis an eachtra. 


    Ar Seachtain, insíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin méid atá ar eolas againn faoin scéal seo. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • ‘Ghabh arm Iosrael é’: The Gaelgeoir detained in an Israeli cell

    Níos luaithe i mbliana, bhí súile an domhain ar an Global Sumud Flotilla agus iad ag iarraidh an t-imshuí ar chósta Gaza a shárú.  


    Ach níorbh é sin an t-aon iarracht a bhí déanta thar na blianta chun nascanna a chruthú agus le cúnamh a thabhairt isteach i gcríocha na Palaistíne.  


    Tá Gaza agus an Bruach Thiar faoi smacht Iosrael le blianta fada anuas – agus is ábhar é a mhúsclaíonn mothúcháin láidre i measc go leor Éireannaigh. 


    Breis is fiche bliain ó shin, thaistil an scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin go dtí an Phalaistín chun nascanna a fhorbairt idir páistí scoile sa Tuaisceart agus sa Bhruach Thiar. 


    Ach, cosúil le muintir an Global Sumud, ghabh fórsaí Iosrael Seán agus coinníodh i gcillín é ar feadh cúig lá – cé nach raibh aon choir déanta aige.  


    Líomhnaítear gur ghabhadh Seán mar gheall gur bhall den IRA é agus go raibh sé i mbun Palaistínigh a threanáil conas buamaí a dheanamh - rud nach raibh fíor in aon chor. 


    Ar Seachtain labhair Seán Ó Muireagáin faoin eispéireas phearsanta a bhí aige féin. 

     


    Foclóir: 


    Imshuí: Blockade 


    Críocha: Territories  


    An Bhruach Thiar: The West Bank 


    Coir: Crime 


    Báúil: Sympathetic 


    Aitheanta: Recognised 


    Pobal sceimhlitheoireachta: Terrorist community  


    Céasadh: Torment 


    Cillín: Cell 


    Dallóg: Blindfold 


    Seafóid: Nonsense 


    Cacamas: Bullshit 


    Is cuma sa tsoic: Couldn’t care less 


    Líomhaintí: Allegations 


    Amhras: Doubt 


    Cinedhíothú: Genocide 


    Ag bárcadh allais: Sweating profusely 


    Cairdeas domhain: Deep friendship 


    Féidearthacht: Possibility 


    Mhaoinigh: Funded 


    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Reviving our Gaeltacht's vacant homes: Ó Thír Chonaill go dtí An Rinn

    Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta.

    ­

    Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta.

    ­

    Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht.

    ­

    Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid.

    ­

    Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht?

    ­

    Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo?

    ­

    Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost.

    ­

    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism

    ­

    Foclóir:

    ­

    Deontas: Grant

    ­

    Athchóiriú: Renovation

    ­

    Tithe folmha: Vacant houses

    ­

    Tréigthe: Abandoned

    ­

    Díon: Roof

    ­

    Bothán: An old rudimentary house

    ­

    A mheas: To assess

    ­

    Fostaíocht: Employment

    ­

    Na scéaltaí rathúla: Success stories

    ­

    Íochta amach: Paid out

    ­

    Ag baint leas as: Benefitting from

    ­

    Coinníoll: Condition

    ­

    Daoine aonair: Individuals

    ­

    Togra: Project

    ­

    Dírithe: Directed at

    ­

    Maoiniú: Funding

    ­

    Cíos: Rent

    ­

    Meascán: Mixture

    ­

    Chun tosaigh: Ahead

    ­

    Rannpháirtíocht: Participation

    ­

    Uacht: Will

    ­

    Cáin: Tax

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival

    Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain.

    ­

    ­

    Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad.

    ­

    ­

    Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta.

    ­

    ­

    Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís.

    ­

    ­

    Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú.

    ­

    ­

    Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag?

    ­

    An glas iad na cnoic i bhfad uainn?

    ­

    Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge?

    ­

    Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag.

    ­

    ­

    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism

    ­

    ­

    ­

    Foclóir:

    ­

    Eiseamláir: Role model

    ­

    Breatnais: Welsh

    ­

    Athbheochan: Revival

    ­

    Meath: Decline

    ­

    Forlámhas: Supremacy

    ­

    Rath: Success

    ­

    Cos ar bolg: Oppress

    ­

    Monarcháin: Factories

    ­

    Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern

    ­

    Aire rialtais: Cabinet minister

    ­

    Ag mianadóireacht: Mining

    ­

    Nach maireann: The late or deceased

    ­

    Coilíniú: Colonisation

    ­

    Céatadán: Percentage

    ­

    Folláin: Healthy

    ­

    Ceacht: Lesson

    ­

    Cíos: Rent

    ­

    Bagairt: Threat

    ­

    Cáin: Tax

    ­

    Is fiúntaí: Most worthwhile

    ­

    Uaillmhianach: Ambitious

    ­

    Slat tomhais: Measuring stick

    ­

    Mian: Desire

    ­

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • Máthair óg Ghaeltachta ar iarraidh: Breis is 40 bliana gan fhreagaí

    Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta. 


    Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear. 


    D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin. 


    Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am. 


    Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin. 


    Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin? 


    Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás? 


    Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt? 


    Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí. 


    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism 


    Foclóir: 


    Ar iarraidh: Missing 


    Sna deaga: In the teenage years 


    Tábhairne: Pub 


    Scaifte: Group 


    Is cosúil: It seems 


    Pas: Passport 


    Módh taistil: Means of transport 


    Tuairimíocht: Speculation 


    In ísle brí: Depressed 


    Fiosrúchán: Investigation 


    Easpa: A lack of 


    Tochaltóir: Digger 


    Colscaradh: Divorce 


    Ráflaí: Rumours 


    Rún: Secret 


     


     


     


     


     


     

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  • Wexford: Cén saghas Gaeilge a labhraíodh i nGaeltacht Loch Garman?

    Níl aon taifead ann de Ghaeilge Loch Garman.  


    Mar sin de, an bhfuil sí caillte ar fad nó an bhfuil fianaise ar bith ann faoin chineál Gaeilge a bhíodh ann?  


    Agus cad iad na teangacha eile a bhí á labhairt sa chontae in éineacht leis an nGaeilge? 


    Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneacha, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. 


    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Gaeltacht Loch Garman: When was Irish spoken in Wexford?

    Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. 


    Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d’fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. 


    Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge. 


    Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach. 


    Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. 


    Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman. 


    Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • ‘No Irish need apply’: Scéal na nÉireannach i Sasana

    Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana.

    Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin.

    Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus droch-chlú a lean iad ar feadh i bhfad.

    Mar sin, cén tionchar a bhí ag an imeallú seo ar na pobail Éireannacha  ar fud na Breataine?

    Agus cén chuma a bhí ar an saol i ndáiríre dóibh siúd a rinne an turas trasna Mhuir Éireann?

    Tá taispeantas nua san Epic Museum i mBaile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar na ceisteanna seo agus ar scéal na n-imirceach i Sasana.

    Chun an stair seo a fhiosrú, labhair Seachtain leis an staraí eacnamaíochta Cormac Ó Gráda - duine acu siúd atá taobh thiar den taighde don taispeantas seo - le súil siar a chaitheamh ar shaol na nÉireannach i Sasana.

    Foclóir:

    • An Réabhlóid Thionsclaíoch: Industrial revolution
    • Táille: Fee
    • An chosmhuintir: The common people
    • Spáilpíní: Nomadic farmworkers
    • Díspeag: Belittle
    • Coitianta: Common
    • Éirimiúil: Intelligent
    • Ag toraíocht: Searching
    • Achrann: Dispute
    • Sloinnte: Surnames
    • Meán: Average
    • Maoiniú: Financing
    • Eachtrannaigh: Foreigners
    • Bhí fonn orthu: They were keen to
    • Todhchaí: Future
    • Ag maolú: Petering out
    • Naimhdeas: Animosity
    • Sofheicthe: Visible
    • Léirsithe: Demonstrations
    • Inimirce: Immigration
    • Ganntanas oibrithe: A lack of workers

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 min
  • Géarchéim bhreosla níos measa sa Ghaeltacht?

    Os cionn mí ó shin, tharraing léirsithe maidir le costas breosla aird ar an mbrú atá ar phobail tuaithe. 


     


    Dúnadh bóithre timpeall na tíre agus lucht na hagóide ag lorg tacaíochta ón rialtas chun dul i ngleic leis an ardú costais. 


     


    In ainneoin gur chuir an rialtas beartais cúnaimh ar fáil, tá imní ar phobail tuaithe nach bhfuil deireadh na géarchéime seo ann go fóill. 


     


    Mar sin de, an bhfuil a dhath ar bith réitithe i ndáiríre? 


     


    Agus an bhfuil an ghéarchéim bhreosla níos measa fós sa Ghaeltacht? 


     


    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoí: Áine Ní Bhreisleáin 


     


     


    Foclóir: 


    Léirsithe: Demonstrations 


    Breosla: Fuel 


    Iniúchadh: To examine 


    Iompar: Transport 


    An Meánoirthear: The Middle East 


    Ag teacht i dtír: To land or arrive by sea 


    Faoiseamh: Relief 


    Réiteach: Solution 


    Beart: Package 


    Scuainí: Queues 


    Conraitheoir talmhaíochta: Agricultural contractor 


    Díomhaoin: Idle 


    Earraí: Goods 


    Imníoch: Concerned/anxious 


    Rogha: Choice 


    Fiontraí: Entrepreneur 


    Éiginnteacht: Uncertainty 


    Costas reachtála: Running cost 


    Achmhainní nádúrtha: Natural resources 


    Móin: Turf 


    Leochaileach: Vulnerable 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min

About Seachtain

From the publisher's feed

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More shows like Seachtain

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

44 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

142 Listeners

Indo GAA by Irish Independent

Indo GAA

22 Listeners

The Left Wing by Irish Independent

The Left Wing

59 Listeners

The Big Tech Show by Irish Independent

The Big Tech Show

17 Listeners

Real Health with Karl Henry by Irish Independent

Real Health with Karl Henry

34 Listeners

The David McWilliams Podcast by David McWilliams & John Davis

The David McWilliams Podcast

347 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Today with David McCullagh by RTÉ Radio 1

Today with David McCullagh

39 Listeners

Raidió na Life 106.4FM by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Raidió na Life 106.4FM

0 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

50 Listeners

The Indo Daily by Irish Independent

The Indo Daily

108 Listeners

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning by Gold Hat Productions

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning

67 Listeners

The Group Chat by Virgin Media News

The Group Chat

6 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

32 Listeners

I'm Not Here To Hurt You by Irish Independent

I'm Not Here To Hurt You

40 Listeners

Indo Sport by Irish Independent

Indo Sport

54 Listeners

Under the Grill by Irish Independent

Under the Grill

0 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

13 Listeners

Money Talks by Irish Independent

Money Talks

2 Listeners

Just Between Us with Jennifer Zamparelli by Irish Independent

Just Between Us with Jennifer Zamparelli

6 Listeners