
Sign up to save your podcasts
Or


Céad bliain ó shin, craoladh glór Shéamais Hughes ar aerthonnta na hÉireann, rud a chuir tús le ré nua cumarsáide in Éirinn neamhspleách.
Ba é sin tús 2RN, an chéad stáisiún raidió sa tír, nó RTÉ mar is fearr aithne air anois.
Ó shin i leith, tá áit lárnach ag an raidió i saol mhuintir na hÉireann, agus beagnach 80 faoin gcéad de dhaoine fásta ag éisteacht leis an raidió gach lá.
Ach cén fáth a bhfuil muid chomh tógtha sin leis an raidió?
Agus le RTÉ ag ceiliúradh céad bliain ar an fhód i mbliana, cad iad na hathruithe is suntasaí atá feicithe ag an stáidiún agus ag an sochaí le linn na tréimhse sin?
Ar Seachtain, chuaigh údar an leabhair nua ‘Sounding Ireland’, Clíodhna Ní Anluain, siar ar bhóithrín na smaointe faoi stair RTÉ.
Foclóir:
Teorainneacha: Borders
Dúiche: District
Neamhspléach: Independent
Léargas: Insight
Cúthaileach: Shy
Luathlaethanta: Early days
Drogall: Reluctance
Teoiricí: Theories
An freasúra: The opposition
Craoladh: Broadcast
Taighde: Research
Go hiondúil: Usually
Neodrach: Neutral
Ceadúnas: Licence
Constaicí: Obstacles
Guthanna: Voices
De réir a chéile: Gradually
Comhluadar: Companionship or company
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba é an t-am sin den bhliain arís agus na mílte Gaeil ar fud na tíre ag tarraingt ar Oireachtas na Samhna!
Ó na hoileáin go dtí na cathracha, agus gach áit eatarthu, is oilithreacht bhliantúil é Oireachtas na Samhna do go leor leor daoine.
Mar sin, agus í ar an bhfód le beagnach 130 bliain, cén fáth go bhfuil sí go fóill chomh tarraingteach do na Gaeil?
Ar Seachtain, ag taifeadadh beo ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, bhí beirt láithreoirí raidió agus leantóirí dílse den fhéile, Hugh Mac Giolla Chearra agus Sinéad Ní Uallacháin i dteannta Áine Ní Bhreisleáin.
Foclóir:
Lascaine: Discount
Fiáin: Wild
In iomaíocht lena chéile: In competition with each other
Brú óige: A hostel
Ragairne: Revelling
Díospóireacht: Debate
Beacht: Exact
Comhartha: A sign
Buaicphointe: Highlight
Fuirseoirí: Comedians
Fáiltiú: Reception
Barraíocht: Too much
Na flaithis: Heaven
Ifreann: Hell
Carbhat: A tie
Gormacha iar-Oireachtais: The post Oireachtas blues
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is breá leis na Gaeil TG4. Ó bunaíodh an cainéal ar Oíche Shamhna 1996, tá áit lárnach bainte amach aige i saol na Éireann.
Lena gcláracha faisnéise, na drámaí ceannródaíocha, agus dár ndóigh an t-aicsean spóirt ar fad, tugadh go leor cuimhní speisialta dúinn thar na blianta.
Mar sin de, agus an craoltóir ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, tá muid chun dul siar ar bhoithrín na smaointe.
Ar Seachtain cuireann Katie Whelan cuid de na cuimhní is íocónaí a thit amach ar TG4 le tríocha bliana anuas i gcuimhne dúinn.
Foclóir:
Achainí: Petition
Bóthar achrannach: A difficult road
Ceann scríbe: Destination
Cainéal Breatnaise: Welsh channel
Lóchrann dóchais: Beacon of hope
Ina chíor thuathail: In a state of commotion or chaos
Ag teacht in inmhe: Coming of age
An saol osnádúrtha: The supernatural world
Geilleagar: Economy
Beart de réir briathar: Practice what you preach
Ballraíocht: Membership
Maoiniú: Funding
Éabhlóid: Evolution
Mana: Motto
Clúdach: Coverage
Rath: Success
Iléagsúlacht: Diversity
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is féile ársa í Samhain.
Is é an tséasúr le moilliú agus ullmhú don gheimhreadh, ina éiríonn na hoícheanta níos faide agus na laethanta níos fuaire.
Bhí nasc speisialta ag Éirinn leis an am seo bliana i gcónaí, lenár dtraidisiúin agus ár mbéaloideas ag croílár na féile.
Mar sin de, cad iad na scéalta, na piseoga agus na nósanna a bhí ina mbunchlocha ag ár sinsir i dtaca le Oíche Shamhna?
Agus an bhfuil lorg na dtraidisiún sin fós le sonrú sa chaoi a gceiliúraimid Oíche Shamhna inniu?
Ar Seachtain labhraíonn an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, faoin bhéaloideas saibhir a bhaineann leis an am seo bliana.
Foclóir:
Béaloideas: Folklore
Nósanna: Customs
Ársa: Ancient
Ag seilg nó ag fiach: Hunting
Tairseach: Threshold
Mún: Urinate
Lios: Fairyfort
Tórramh: Funeral
Díoltas: Revenge
Pleidhcíocht: Tomfoolery
Todhchaí: Future
Bonn airgid: A coin
Roghanna: Choices or selection
Leáigh: Melt
Cnónna: Nuts
Áiseanna: Resources
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

57 Listeners

141 Listeners

23 Listeners

57 Listeners

14 Listeners

33 Listeners

340 Listeners

88 Listeners

2 Listeners

37 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

118 Listeners

70 Listeners

6 Listeners

35 Listeners

40 Listeners

55 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

13 Listeners

5 Listeners

8 Listeners