
Sign up to save your podcasts
Or


Deir eagrais iascaireachta go bhfuil beagnach 2,300 post i mbaol tar éis chinneadh ón Aontas Eorpach atá “tubaisteach”, dar leo. I mí na Nollag, ag cruinniú sa Bhruiséil, fógraíodh go mbeidh ciorrú ollmhór ar an méid iasc is féidir a thabhairt i dtír in Éirinn. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbliana. Cén tionchar a bheas aige seo ar iascairí agus ar lucht próiseála atá fostaithe sa tír seo? Céard atá i ndán don earnáil iascaireachta amach anseo?
Láithreoir: Róisín Ní Mhaoláin, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin
Foclóir:
Earnáil: Sector
Aontas Eorpach: European Union
Domhain: Deep
Slí beatha: Livelihood
Comhphobal: Ccommunity
Uasmhéid: Maximum
Tubaisteach: Disastrous
Imeall: Border
Bia mara: Seafood
Táillí: Fees
Monarcha : Factory
Eagrais: Oorganisations
Spotsolas: Spotlight
Baol: Danger/fear
Cé: Quay/dock
Neodrach: Neutral
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann.
Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna.
Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge.
Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas.
Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas.
Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann.
Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide
Foclóir:
Eispéireas: Experience
Fís: Vision
Muintir na háite: The local people
Coiste: Committee
De réir mo thuigbhéala: From my understanding
Bothán: cabin
Neartú: Strengthen
Éacht: Achievement
Cothú: Cultivate
Tírdhreach: Landscape
Uile-Éireann: All-Ireland
Dúshlánach: Challenging
Comhairle: Advice
Comhphobal: Community
Ag streachailt: Struggling
Díospóireacht: Debate
I lár an aonaigh: Centre stage
Thar fóir: Over the top
Aird: Attention
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn.
Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann.
I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’.
Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos.
Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid?
Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón?
Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar.
Foclóir:
Ionadaíocht: Representation
I mbéal an phobail: The talk of the parish
Aonarach: Solitary
Go smior: To the core
Bua: Attribute or gift
Siúinéir: Carpenter
Spreag siad: They encouraged
Fíodóireacht: Weaving
Béaloideas: Folklore
Finscéal: Fable/Legend
Peaca: Sin
Clúiteach: Renowned
A thréigean: To abandon
Cúthaileach: Shy
Úrscéal: Novel
Mórtas: Pride
Tagairtí: References
Slabhra: Chain
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá 2024 thart, faoi dheiridh - cad é mar a bhí sé mar bhliain?
Ní raibh easpa ceannlínte ann a bhain siar asainn, anseo in Éireann agus níos faide i gcéin.
Bhog Donald Trump ar ais isteach sa Teach Bán i Washington, bhí toghchán Uachtaránachta dár gcuid féin againn anseo in Éireann, ciontaíodh an laoch spóirt DJ Carey as calaois a dhéanamh, agus tháinig deireadh leis an ruaille buaille sa Chumann Camógaíochta agus ligeadh d’imreoirí brístí gairide a chaitheadh.
Ach cad iad na scéalta nuachta a sheas amach dár bpainéal cainte?
I bpodchraoladh a taifeadadh ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, pléann Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Ursula Savage agus Caoimhe Ní Chathail, na buaiteoirí is na caillteoirí a roghnaigh siad féin sna catagóirí thíos:
Teip nó Triumph na bliana
An scéal nach bhfuair an aird cheart
Social media moment na bliana
Cheap Shot ar an Ghaeilge na bliana
Unexpected Icon na bliana
Foclóir:
Taidhleoireacht: Diplomacy
Aontaithe: United/agreed
Dothuigthe: Incomprehensible
Rogha: Choice
Ciníoch: Racist
Círéibeacha: Riots
Mianta: Wishes
Borradh: Surge
Intleacht shaorga: Artificial intelligence
Rathúil: Successful
Neodrach: Neutral
Maígh: Claim
Oiliúint: Training
Gairm: Career
Amscaí: Awkward
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu?
Foclóir:
Dlús: Density
Athdháileadh: Redistribution
Líonraí: Networks
Riachtanais: Requirements
Coilíneacht: Colony
Léas: Lease
Bardas: Municipality
Treorach: Directive
Tomhas: To gauge
Lonnaíocht: Settlement
Eiseamláir: Model
Bagairt: Threat
Ag snámh in aghaidh easa: Swimming against the stream
Féiniúlacht: Identity
Díchoilíniú: Decolonising
Morálta: Moral
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal.
Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí.
Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bheith bródúil as i 2025.
Ach i measc na scéalta a thug ardú meanma do na Gaeil, bhí scéalta ann a laghdaigh misneach fosta, go háirithe sa chóras oideachais agus díolúintí ó stáidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde riamh.
Mar sin de, agus deireadh na bliana ag teannadh linn, cén rath a bhí ar ár dteanga dhúchasach i 2025?
Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Storm Eaton-Kilgallen faoi na ‘top-picks’ atá aici féin don bhliain seo.
Foclóir:
Mórshiúl: March
Gan teorann: Unrestricted
Impleachta: Implications
Trasteorann: Cross-border
Gruama: Bleak
Réabhlóideach: Revolutionary
Malartú: Exchange or swap
Gearchéim tithíochta - housing crisis
Uafás: Horror
Teanga oibre: Working language
Míthuiscint: Misunderstanding
Insealbhaithe: Inducted
Neamhaird: Disregard
Infheicthe: Visible
Cúisithe: Accused
Sceimhlitheoireacht: Terrorism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí.
Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil.
Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu.
Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag tabhairt a dteanga dúchais dá gcuid páistí?
Ar Seachtain, labhair Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, faoi cad é a léiríonn an taighde nua seo dúinn.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Foclóir:
Comhluadar: Companionship
Lánúineacha: Couples
Daonáireamh: Census
Slat tomhais: A measuring-rod
LPT: Limistéar Pleanála Teanga
Abhainn: River
Mórtas: Pride
Seasmhach: Stable/Consistant
Céatadán: Percentage
Iniúchadh: Examination
Rangú: Categorisation
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

44 Listeners

142 Listeners

22 Listeners

59 Listeners

17 Listeners

34 Listeners

347 Listeners

91 Listeners

3 Listeners

39 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

108 Listeners

67 Listeners

6 Listeners

32 Listeners

40 Listeners

54 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

13 Listeners

2 Listeners

6 Listeners